Tá an Mharc Dheimhniúcháin seo ceaptha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí gnó a dhéanann luacháil ar úsáid na Gaeilge mar uirlis chomhlántach ghnó agus mhargaíochta agus a fhorbraíonn agus a chaipitlíonn an úsáid sin. Leagann an doiciméad seo amach na bunriachtanais agus na critéir mheasúnaithe chun an Mharc Dheimhniúcháin a bhaint amach.
Cuireann an Mharc Dheimhniúcháin béim ar shaintréithe dúchasacha Gaelacha agus léiríonn sé go bhfuil feasacht agus tiomantas ann maidir leis an dátheangachas sa ghnó agus maidir leis an gcultúr tríd an teanga, agus go bhfuil eagraíocht ar thús cadhnaíochta sa mhargadh maidir le soláthar nuálaíoch seirbhíse do chustaiméirí.