Skip to main content

Gradaim Gnó na hÉireann

Is scéim aitheantais í GRADAIM atá á riaradh ag Glór na nGael do ghnólachtaí a úsáideann an Gaeilge mar chuid dá ngnó, nó a sholáthraíonn seirbhís trí Gaeilge dá gcustaiméirí. Bronntar na gradaim ar ghnólachtaí as a n-iarrachtaí maidir le húsáid na Gaeilge i dtrí phríomhchatagóir, eadhon 1. Comharthaíocht 2. Brandáil agus Margaíocht 3. Seirbhís do Chustaiméirí & Cliant trí Mheán na Gaeilge. Cuirfidh an t-aitheantas seo ó GRADAIM an pobal ar an eolas go bhfuil caighdeán áirithe bainte amach ag an ngnó sna réimsí seo. Bronntar trí leibhéal gradam (cré-umha, airgead agus ór) ar ghnólachtaí, de réir mar a bhaineann said spriocanna i leith na teanga amach sa trí rannóg.

Comhartha atá i mbonn GRADAIM a léiríonn don phobal go bhfuil meas ag an ghnólacht ar an  Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge. Meastar gur iarrthóir oiriúnach é gnólacht a fhaigheann gradam óir sna trí chatagóir chun iarratas a dhéanamh ar an marc deimhniúcháin Q-Mharc Gnó le Gaeilge a bhaint amach.

Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim agus faoi conas gnólacht a chlarú a fháil anseo.