Foireann Tacaíochta:
Oifig Q-Mharc Gnó le Gaeilge, Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Féinmheasúnú don Q-Mharc Gnó Le Gaeilge
- An gnó beag nó meánmhéide le níos lú ná 50 fostaí atá i gceist?
- An bhfuil tú / An bhfuil sé i gceist agat seirbhísí a sholáthar don phobal i mBéarla agus i nGaeilge araon?
- An bhfuil comharthaíocht dhátheangach agat ar taispeáint go seachtrach / go hinmheánach i do ghnó?
- An bhfuil ábhar stáiseanóireachta / bolscaireachta i mBéarla agus i nGaeilge ag do ghnó?
- An bhfuil cumarsáid le custaiméirí ina rogha teanga?
Má fhreagair tú ‘tá’ leis na ceisteanna thuas, ba mhaith linn cloisteáil uait …
Má fhreagair tú ‘níl’ ar na ceisteanna thuas, ba mhaith linn cloisteáil uait fosta agus plean a phlé leat chun gur féidir le do ghnó dea-chleachtais dátheangach a bhaint amach.