Skip to main content
Baile
Nuacht
Ceisteanna
Teagmháil
Cad é Q-Mharc
An Próiseas
Áiseanna & Cabhair
Comhlachtaí
English
Baile
Nuacht
Ceisteanna
Teagmháil
English
Cad é Q-Mharc
An Próiseas
Áiseanna & Cabhair
Comhlachtaí
Ceisteanna a chuirtear go minic
An féidir le gnó ar bith iarratas a dhéanamh ar Q-Mharc Gnó le Gaeilge?
Aon SME le níos lú ná 50 fostaí ar Oileán na hÉireann a thaispeánann Dea-chleachtais Dátheangach ina ngnó.
An féidir liom iarratas a chur isteach ar an Q-Mharc Gnó le Gaeilge má tá mé ina thrádálaí aonair?
Is féidir.
An gá Polasaí Teanga a bheith ann?
Sea - Caithfidh an Bainistíocht an Polasaí Teanga a thaispeáint go poiblí, a shíniú agus a dhátú.
An gcaithfidh gach ball foirne Béarla agus Gaeilge a labhairt go líofa?
Díreoidh an próiseas ar réimsí gnó ina bhfuil leas gnó / tráchtála ann maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla.
An gcaithfidh gach doiciméad a bheith i mBéarla agus i nGaeilge?
Díreoidh an próiseas ar réimsí gnó ina bhfuil leas gnó / tráchtála ann maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla.
An gá go mbeadh gach comharthaíocht seachtrach agus inmheánach i mBéarla agus i nGaeilge araon?
Díreoidh an próiseas ar réimsí gnó ina bhfuil leas gnó / tráchtála ann maidir le húsáid na Gaeilge agus anBhéarla.
An bhfaighidh mé cúnamh / comhairle más gá, agus an duais Q-Mharc Gnó le Gaeilge á fháil agam nó a choinneáil?
Beidh gach tacaíocht ar fáil ó Fhoras na Gaeilge.
Cé chomh fada agus a bheidh an Q-Mharc agam?
Bronnfar an Q-Mharc Gnó le Gaeilge ar feadh tréimhse 3 bliana.
Cén áit ar féidir liom an Q-Mharc a thaispeáint?
Is féidir an lógó Q-Mharc a thaispeáint ar tháirgí, ar chomharthaí agus ar ábhar bolscaireachta.
An ndéanfaidh 'siopadóir rúnda' monatóireacht ar mo ghnó cé go bhfuil an Q-Mharc bainte amach agam?
Déanfaidh.