Skip to main content

Dátheangachas den Scoth sa Ghnó

Dátheangachas den Scoth sa Ghnó

Ár bhFís – Q-Mharc Gnó le Gaeilge

Tá an Mharc Dheimhniúcháin seo ceaptha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí gnó a dhéanann luacháil ar úsáid na Gaeilge mar uirlis chomhlántach ghnó agus mhargaíochta agus a fhorbraíonn agus a chaipitlíonn an úsáid sin. 

Cuireann an Mharc Dheimhniúcháin béim ar shaintréithe dúchasacha Gaelacha agus léiríonn sé go bhfuil feasacht agus tiomantas ann maidir leis an dátheangachas sa ghnó agus maidir leis an gcultúr tríd an teanga, agus go bhfuil eagraíocht ar thús cadhnaíochta sa mhargadh maidir le soláthar nuálaíoch seirbhíse do chustaiméirí.

Tá feidhm an Mharc Dheimhniúcháin seo ag tacú le polasaí náisiúnta an Rialtais, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (mír 6.8 faoin Saol Eacnamaíochta) agus mar atá sonraithe faoin Plean Gníomhaíochta 5 Bliana (mír 8.15):

"Leanfar le cur i bhfeidhm an chórais creidiúnaithe úr faoi Chaighdeán ISO (9001:2015), Q­Mharc Gnó le Gaeilge, atá dírithe ar an earnáil ghnó chun seirbhísí ar ardchaighdeán a thairiscint go dátheangach do chliaint/chustaiméirí.

  • Dea-chleachtas an dátheangachais a spreagadh agus a mhéadú sa timpeallacht ghnó
  • Normalú úsáid na Gaeilge sa timpeallacht ghnó
  • Sainchóras measúnaithe deartha agus á bhainistiú faoi chaighdeán ISO9001:2015 i gcomhair leis na sainchomhairleoirí ceaptha.”

Buntáistí an Q-Mharc Gnó le Gaeilge

Má éiríonn le do ghnólacht an Q-Mharc Gnó le Gaeilge a bhaint amach beidh tú ábalta:

  • Custaiméirí nua a mhealladh agus rochtain chuig margaí nua a aimsiú
  • Cáilíocht aitheanta idirnáisiúnta a bhaint amach;
  • Seirbhís a chur ar fáil a sháraíonn ionchais do chuid custaiméirí
  • Caighdeán a chur in iúl le díriú ar mhargaí ar leith
  • Cur le sástacht na gcliant
  • Tairbhe a bhaint as an teanga mar uirlis chomhlántach gnó agus margaíochta
  • Do ghnó a idirdhealú ó iomaitheoirí le tairbhe breise díolacháin
  • Bród agus leas cultúrtha a léiriú i do phobal agus tú i mbun gnó in Éirinn
  • Fócas áitiúil a aimsiú do chomhlachtaí ilnáisiúnta trí cháilíocht a aithnítear go hidirnáisiúnta
  • Aird a tharraingt ort féin- Deis ar leith ag gnólachtaí nach raibh baint cheana acu leis an teanga.